0-9 A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z


navigation
news news
top50 top 50


» home » Clannad » Clannad in Concert » Níl Sé Ina Lá (níl Sé'n Lá) lyrics
Artist: Clannad
Album: Clannad in Concert (1987)
Title: Níl Sé Ina Lá (níl Sé'n Lá)

Lyrics Níl Sé Ina Lá (níl Sé'n Lá)

Chuaigh mé isteach i dteach aréir
is d'iarr mé cairde ar mhnaoi an leanna.
Is é dúirt sí liom "Ní bhfaighidh tú deor.
Buail an bóthar is gabh abhaile."

[Chorus:]
Níl sé ina lá, níl a ghrá,
níl sé ina lá is ní bheidh go maidin,
níl sé ina lá is ní bheidh go fóill,
solas ard atá sa ghealaigh.

Chuir mé féin mo lámh i mo phóca
is d'iarr mé briseadh scillinge uirthi.
Is é dúirt sí liom "Suigh síos ag bord
is bí ag ól anseo go maidin."

[Chorus]

"E irigh i do shuí, a fhear an tí,
cuir ort do bhrístí is do hata
go gcoinne tú ceol leis an duine cóir
a bheas ag ól anseo go maidin."

[Chorus]

Nach mise féin an fear gan chéill
a d'fhág mo chíos in mo scornaigh?
D'fhág mé léan orm féin
is d'fhág mé séan ar dhaoine eile.


artist
song
album